Tá sé molta ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh an vacsaín Covid-19 a thabhairt do leanaí idir chúig bliana agus aon bhliain déag.

Thart ar 480,000 dalta bunscoile atá san aoisghrúpa seo.

D'fhéadfadh cuid de na leanaí an vacsaín a fháil roimh an Nollaig ach is go luath san athbhliain a chuirfear tús ceart leis an scéim.

Tomhas níos lú ná an gnáth-thomhas den vacsaín a thabharfar do na leanaí.

Tá sé tugtha le fios ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chomh maith go mb'fhéidir go bhfuil daoine ag fáil coinní éagsúla don teanndáileog den vacsaín ó dhreamanna éagsúla agus go bhfuil seo ag cur as don chóras.

Tá an teanndáileog á tabhairt amach in ionaid vacsaínithe, i gcógaslanna agus ag dochtúirí teaghlaigh, agus tá roinnt daoine ag fáil coinní ó gach aon cheann nó péire de na dreamanna sin.

Molann an Fheidhmeannacht glacadh le ceann de na coinní agus na cinn eile a eiteachtáil.

Tharraing an Taoiseach Micheál Martin aird ar an bhfadhb sa Dáil inné nuair a thug sé le fios cé go bhfuair 180,000 duine coinne don teanndáileog an tseachtain seo caite nár tháinig ach 93,000 acu chuig na hionaid vacsaínithe.