Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil nach bhfuil na scórtha mílte daoine ag comhlíonadh na gcoinní atá acu leis an teanndáileog den vacsaín Covid-19 a fháil.

Thug an Taoiseach le fios gur tairgeadh 208,000 coinne an tseachtain dar tús Dé Luain 22 Samhain ach nár tháinig ach 80,000 duine chuig na hionaid vacsaínithe.

180,000 coinne a tairgeadh an tseachtain seo caite, a dúirt sé, ach níor tháinig ach 93,000 duine.

Níl sé soiléir, áfach, ar áirithintí dúbailte cuid de na coinní sin.

Mar sin féin, mhaígh Micheál Martin go ndealraíonn sé nach bhfuil daoine chomh toilteanach an teanndáileog a fháil agus a bhí siad nuair a bhí an chéad agus an dara dáileog á dtairiscint.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá níos mó ná milliún teanndáileog tugtha amach go dtí seo.

Chuir an Taoiseach in iúl chomh maith nár cuireadh gobán i mbéal aon bhaill den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí mar a bhí á mhaíomh ag roinnt daoine sna meáin chumarsáide an deireadh seachtaine seo caite.

Chomh fada agus is eol dósan tar éis dó an scéal a fhiosrú, a dúirt Micheál Martin, níor cuireadh cosc cainte ar aon duine.