D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 5,590 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

505 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, i gconchlann le 536 inné. Tá 117 acu in aonaid dianchúraim, sin seachtar níos mó ná inné.

Níos túisce inniu, dearbhaíodh go bhfuil cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,658 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,907 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.

317 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, i gcomórtas le 301 inné. Tá 35 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos mó ná inné.