Dar le Cumann Iascairí na gCealla Beaga go mbeadh sé go "hiomlán míshásúil" mura ndéanfadh an tAontas Eorpach agus an Bhreatain margadh faoi chuótaí roinnte éisc don bhliain 2022 roimh chruinniú de Chomhairle Iascaigh na hEorpa Dé Domhnaigh seo chugainn.

Tuigtear gurb é Dé hAoine an marc i ndáiríre agus dianchainteanna ar bun faoi láthair idir an dá thaobh.

Dheimhnigh Roinn na Mara, áfach, go gcuirfí cuótaí sealadacha i bhfeidhm mura dtiocfaí ar shocrú in am.

Cé ea, tá sé á mhaíomh ag iascairí na gCealla Beaga go raibh "cuótaí sealadacha ina bhfadhb mhór i dtionscal na hiascaireachta anuraidh" agus go bhfuil sé ríthábhachtach nach gcuirfear i bhfeidhm arís iad an bhliain seo chugainn.

Aithnítear 75 speiceas éagsúil mar speicis chomhroinnte idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain.

Tuigear do 7LÁ go bhfuil feidhmeannaigh an Aontais Eorpaigh ag oibriú ar an bhunús go n-éireoidh leis an dá thaobh margadh a dhéanamh roimh an Aoine.

Ciorrú 15% a rinneadh ar chuóta iascaireachta na hÉireann faoi chomhaontú aistarraingthe an Bhreatimeachta, sin an méid is mó a chaill aon tír san Eoraip.

Tá moladh á scrúdú ag an Rialtas scéim nua díchoimisiúnaithe a bhunú chun 60 trálaer le cuóta 8,000 tonna a bhaint as an chabhlach iascaigh, mar aon le scéim eile díchoimisiúnaithe do thrálaeir intíre.

Mhol Tascfhórsa na hEarnála Bia Mara luach €6 mhilliún a chur le scéim na dtrálaer intíre agus luach €66 milliún le scéim na dtrálaer mór.

Moltaí luach €432 milliún san iomlán a rinne lucht an tascfhórsa sin agus beartais á gcur chun cinn acu le tionchar an Bhreatimeachta a mhaolú sa tionscal agus i bpobail cois cósta.

Tá moltaí an tascfhórsa "á scrúdú ar bhonn práinne" ag an Aire Charlie McConalogue, a dúirt urlabhraí ó Roinn na Mara.

Tá Cumann Iascairí na gCealla Beaga ag éileamh go ndéanfar comhroinnt níos cothroime ar chiorruithe cuótaí i measc bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Mhaígh urlabhraí ó Roinn na Mara go bhfuil an Rialtas ag tathant ar ardcheannasaíocht an Choimisiúin Eorpaigh glacadh le comhroinnt cuótaí.

Pléifidh ionadaithe ó na heagrais iascaireachta cúrsaí díchoimisiúnaithe agus cuótaí éisc ag éisteacht de chomhchoiste Oireachtais tráthnóna amárach.

Tuilleadh faoin scéal seo ar 7LÁ ar TG4 ag 8 a chlog anocht