Fágadh na mílte tithe agus ionad gnó gan aon chumhacht aibhléise ó mhoch maidine tar éis do Stoirm Barra teacht aniar ón Atlantach agus cuid mhór den tír a thuargaint.

Áiríodh 56,000 custaiméir a bheith ar uireasa cumhachta ag tráth amháin ach deir Bord Soláthair an Leictreachais go bhfuil na sreanga á nascadh arís de réir a chéile ag teicneoirí an chomhlachta.

Obair chúramach atá ann, a deir an comhlacht, agus caithfear sábháilteacht na foirne a chur san áireamh i gcónaí.

D'fhógair an Roinn Oideachais tráthnóna gur cheart do scoileana i gcontaetha ina bhfuil fógra aimsire dearg nó flannbhuí i bhfeidhm fanacht dúnta amárach.

Is é an t-iardheisceart is mó atá buailte ag an ngaoth mhór go dtí seo, Ciarraí agus Corcaigh go háirithe, mar bhfuil luas thar na bearta fúithi.

Go deimhin, taifeadadh luas 156 ciliméadar san uair a bheith faoin ngaoth ag Teach Solais na Carraige Aonair siar ó dheas ó Chléire.

Tá an Laoi ag tuile agus ag sceitheadh thar a bruacha i gcathair Chorcaí agus tá roinnt sráideanna ansin faoi uisce.

Is é an scéal céanna i mBeanntraí é, áit a bhfuiltear ag dul i ndréim le tuile tar éis don mhuir tonnadh isteach ar an gcladach ansin. Tá an t-uisce sceite isteach i roinnt siopaí ar an mbaile chomh maith.

Dún Garbhán, Co Phort Láirge
Beanntraí, Co Chorcaí

Tuairiscítear fobhealaí taobh le bóthar an N71 i Néidín a bheith faoi uisce freisin.

Tá an tSionainn curtha thar a bruacha i gcathair Luimnigh agus tuairiscítear an ché taobh thiar de Mhúsaem Hunt a bheith faoi uisce.

I nGaillimh, tá an tsáile ag tonnadh isteach ar an bPromanád i mBóthar na Trá agus táthar ag impí ar dhaoine fanacht amach ón gceantar.

Fógra aimsire a bhfuil stádas dearg leis atá i bhfeidhm i gCiarraí agus Corcaigh ón scarthanach, agus de réir mar a ghluaisfeas an stoirm ó thuaidh is fógra dearg a bheas i bhfeidhm chomh maith i gCo an Chláir ó 4 a chlog tráthnóna.

Tiocfaidh maolú ar an stoirm agus rachaidh an ghaoth in éag sna trí chontae sin ag thart ar 9 a chlog anocht.

Tríd is tríd, is luas os cionn 130 ciliméadar san uair a bheas faoin ngaoth i mbunáite na tíre.

Contaetha cois cósta - áit a bhfuil oibriú i bhfarraige - is mó atá sa bhearna bhaoil, mar atá, Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Gaillimh, Loch Garman, Lú, Luimneach, Maigh Eo, an Mhí agus Port Láirge.

Níl an t-iarthuaisceart tagtha slán, áfach, mar a bhfuil 15,000 teach i gCo Dhún na nGall fágtha gan soláthar leictreachais.

An Bearnas Mór, Co Dhún na nGall

Beidh fógra flannbhuí i bhfeidhm i nDún na nGall idir 2 a chlog ar maidin amárach agus 2 a chlog tráthnóna amárach.

Dún Chaoin, Corca Dhuibhne

Fógra buí atá eisithe ag meitéareolaithe sa Tuaisceart.

Tá eagraíochtaí Stáit réitithe faoi chomhair na dóstachta ó inné agus an-lear gnáthsheirbhísí poiblí curtha ar fionraí - coinní leighis ina measc.

Tá Ógláigh na hÉireann agus an Chosaint Shibhialta ar fuireachas agus iad innealta le teacht chun fóirithinte ar dhaoine a mbeidh anó orthu.

Tá scoileanna na tíre dúnta agus tá eitiltí ag roinnt aerfort curtha ar fionraí chomh maith.

Deir Met Éireann go mbeidh contúirt sa stoirm go mbeidh a fuinneamh caite i gceann lá nó dhó, agus táthar ag achainí ar dhaoine ciall a bheith acu agus gan dul i nguais.

D'fhéadfadh scalóid ghaoithe duine a scuabadh chun bealaigh go héasca agus gan choinne, a deir na meitéareolaithe.

Pic: An Garda Síochána

Tá na Gardaí ag sireadh ar dhaoine freisin troscán gairdín agus paitió a dhaingniú mar gur mhór an chontúirt leithéidí trampailíní dá scuabfadh an ghaoth iad.

An Caisleán Nua, Co Chill Mhantáin

Mar sin féin, níl neart ar an scéal san áit a bhfuil crainn á stolladh ag forneart na gaoithe.

Leagadh dhá chrann déag ar a laghad i gcathair Chorcaí, agus leagadh idir chrainn agus chuaillí leictreachais in áiteanna éagsúla i gCo Chiarraí.