I nGaillimh inniu chuir an comhlacht amharclannaíochta 'Fibín sa Taibhdhearc' troid & trioblóidí 1921 in iúl le taispeántas sráide spleodrach dar teideal 'An Conradh'.
Insíodh scéal an lae stáiriúil, go snasta, go healaíonta agus go paiseanta ar shráideanna na cathrach le taispeántas iontach drámaíochta.

Bhí sé le feiscint saor in aisce ag an bpobal.
Chum an cumadóir Julie Feeney ceol speisialta úrnua don dtaispeántas.
Píosa cumhachtach a chuir teannas, léan agus dóchas an ama in iúl.