Seoladh an Feachtas 'Trasna na dTonnta' i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Cainteoirí Gaeilge ar fud an domhain a thabhairt le chéile i gCibir-Ghaeltacht ar na meáin shóisialta an aidhm atá leis.

Tá na focail "Trasna na dTonnta, dul siar dul siar" greanta in intinn na nÉireannach, ó tharla gur teideal amhráin é a d'fhoghlaim cuid mhaith scoláirí foghlamtha Gaeilge le linn dóibh a bheith ag freastal ar chúrsaí Samhraidh sa Ghaeltacht.

Is teideal cuí é d'fheachtas a cuireadh ar bun cúig bliana ó shin chun lucht labhartha na Gaeilge ó na ceithre hairde a thabhairt le chéile ar na meáin shóisialta, ag baint úsáide as an haischilb #TrasnaNadTonnta.

Deir lucht eagraithe an fheachtais gur "Cibir-Ghaeltacht Dhomhanda" atá ann.

Beidh sé ar siúl ón lá inniu go dtí an Aoine, an 10 Nollaig.

Sa bhliain 2019, ghlac sé mhilliún úsáideoir páirt sa bhfeachtas, i 102 tír ar fud na cruinne.

Tá súil go ndéanfar an líon daoine sin a shárú i mbliana.

Is í Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a chuir tús leis.

Faigheann siadsan a gcuid maoinithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ag seoladh #TrasnaNadTonnta i bPáirc an Chrócaigh inniu, dúirt an tAire Stáit atá freagrach as cúrsaí Gaeltachta, Jack Chambers, gurb í an aidhm atá ag baint leis ná "an diaspora a spreagadh chun an teanga a úsáid agus chun cultúr na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain."

Bhí Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Larry McCarthy agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill i láthair inniu ag an ocáid seolta freisin.

Tionólfar sraith imeachtaí laethúla ar líne ar Zoom (nasc thíos) i rith sheachtain an fheachtais, ina measc ranganna, ciorcail chomhrá, seisiún ióga as Gaeilge, seisiún aireachais as Gaeilge agus seisiún ceoil thraidisiúnta.

Twitter: @Trasna21

#TrasnaNadTonnta #CruthúCairdeas #NascaitheIgCónaí

Instagram: @trasnanadtonnta

Nasc ar zoom d'imeachtaí beo: https://us02web.zoom.us/j/89038974670?pwd=b2pybkZzZTE0dE1NclJ1ZzRYZ1F4QT09

Teideal an Chruinnithe: 890 3897 4670

Passcód: 412177