Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu nár chóir d'aon pháirtí polaitíochta ná d'aon ghrúpa ar leith úsáid a bhaint as imeachtaí stairiúla ar mhaithe leo féin.

'Ní chruthaíonn sé sin ach deighilt' a dúirt sé.

Bhí an Taoiseach ag caint agus an comóradh 100 bliain ar bun ar shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh.

Billeog ón gcáipéis a síníodh

D'fhreastal sé féin, An Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán ar thaispeántas Conradh 1921 Taifid on gCartlann i gCaisleán Bhaile Atha Cliath inniu.

Taispeántas é seo atá curtha le chéile ag an Chartlann Naisiúnta i gcomhpháirtiocht le hAcadamh Ríoga na hÉireann, an Leabharlann Náisiunta agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

Baintear úsáid as tuairisciú comhaimseartha, íomhánna agus píosaí scannánaíochta le léargas a thabhairt ar an gcomhthéacs polaitiúil a bhi i bhfeidhm nuair a síníodh an conradh ar an 6 Nollaig.

Ainmneacha an dreama a shínigh an conradh

Níor ghlac an Taoiseach leis gur beag an comóradh atá á dhéanamh ar an ócáid stairiúil seo.

Leanfaidh an taispeántas ar aghaidh go Márta 2022.

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald

I ráiteas ó cheannaire Shinn Féin,Mary Lou McDonald, dúirt sise gur féidir an éagóir i gConradh 1921 a chur ina cheart 'trí Éirinn Nua agus Aontaithe a thógáil'.

Dúirt sí gur chóir don dá rialtas tosnú ag pleanáil chuige sin anois agus molann sí tionól saoránach a bhunú chuige sin.