Dúirt an Teachta Dála Fianna Fáileach do Ghaillimh Thiar,Eamon Ó Cuív go bhfuil sé in am anois ag Éireannaigh ó dheas den teorainn comhrá a thosú maidir le hathaontú na tíre seo.

Bhí sé ag labhairt ar an gclár raidió Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna.

Bhí plé á dhéanamh aige ar shíniú an Chonartha Angla-Éireannach, ócáid a tharla cothrom an lae inniu céad bliain ó shin.

Michael Collins (suite lár báire) agus toscaireacht na hÉireann ag síniú an chonartha

Cé go raibh chuile shúil ag lucht a shínithe go dtabharfadh sé síochán sa tír i ndiaidh 2 bhliain fhuilteach Chogadh na Saoirse, ba í a mhalairt a tharla i bhfianaise an chogaidh chatharga a lean é roinnt míonna ina dhiaidh.

Thall i Londain a síníodh an Conradh, ar an 6Nollaig 1921.

Thacagh duine de phearsain mhóra na linne, Michael Collins leis, ar an mbunús a dúirt sé 'go dtabharfadh sé dúinn an tsaoirse le saoirse a bhaint amach'.

Eamon de Valera (ar dheis) i dteannta an Easpaig John Charles McQuaid

Ar ndóigh feallmharaíodh Michael Collins 9 mí ní ba dheireanaí le linn an chogaidh chatharga.

Géilleadh na 6 chontae sa mhargadh, agus fanann an scéal amhlaidh go dtí an lá atá inniu ann.

Is iomaí sin aighnis agus formad atá tarraingte ag an scéal ó shin.

An Teachta Ó Cuív ag rá anois go bhfuil sé in am an t-athaontú a phlé

Ar an taobh eile den scoilt ag an am, bhí Eamon de Valera a tháinig slán ina bheatha ón gcogadh catharga.

B'eisean a bhunaigh Fianna Fáil, a chaith blianta ina dhiaidh sin mar Thaoiseach agus mar Uachtarán go dtáinig a bhás i 1975.

Garmhac dá chuid is ea an Teachta Dála agus an t-Iar Aire Rialtais, Eamon Ó Cuív.

Ba mhinic a cáineadh Eamon de Valera faoi nach ndeachaigh sé féin anonn ag na comhráití síochána i1921, i leaba an chaint ar fad a fhágáil cuid mhór faoin gCoileánach agus Art Ó Gríofa.

Cáipéisí an Chonartha a bhíonn ar taispeáint i Londain

'Shocraigh sé fanacht i mBaile Átha Cliath ar an mbunús nach síneofaí tada i Londain, gan é bheith tugtha ar ais go Baile Átha Cliath ar dtús' a dúirt Eamon Ó Cuív inniu.

'Bhí faoi dul anonn ansin ina dhiaidh sin sa gcás is nach raibh an margadh a bhí curtha os comhair na dtoscairí sásúil.Tháinig na toscairí faoi bhrú thall i Londain agus rinneadh an margadh láithreach, léiriú é sin nach ceart aon rud a shíniú agus tú faoi bhrú' a dúirt Eamon Ó Cuív.