Beidh an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP) ar fáil arís ón lá amárach do dhaoine atá leagtha amach óna gcuid oibre de bharr na srianta is deireanaí Covid atá i bhfeidhm sa Stát.
Beidh 5 ráta d'íocaíocht seachtainiúil i gceist.
Barr ráta de €350: Beidh seo ann dóibh siúd a thuilleann €400 nó a bhreis ar sin sa tseachtain.
€300 dóibh siúd a thuill idir €300-€399 sular leagadh amach as a bpostanna iad.
€250 dóibh siúd ar €200-€299.
€203 dóibh siúd idir €151.50-€200
Tá ráta nua de €150 le fáil acu sin a bhí ag tuilleamh níos lú ná €151.50 go dtí seo.
Dúirt an tAire Coimirice Sóisialaí,Heather Humphreys gur féidir le haon duine a chailleann a phost nó atá buailte ó thaobh ioncaim dhe toisc na srianta a fógraíodh Dé hAoine seo caite,iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht seo.
'Tá an chabhair seo dírithe go príomha ar dhaoine a oibríonn i gclubanna oíche agus i rannóg an fháilteachais' a dúirt an tAire Humphreys.

Dúirt sí freisin go gclúdófaí daoine eile,léithidí thiománaithe tacsaí a bheadh in ann a thaispeáint gur thit a gcuid ioncam de bharr na srianta seo.
'Déanfar athbhreithniú ar an scéim íocaíochta ar an 9Eanáir' a dúirt sí.
Maidir le baill ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Phoiblí (NPHET), dúirt an tAire Humphreys go bhfuil saorchead i gcónaí acu sin agallaimh a thabhairt do na meáin gan é a bheith ceadaithe ar dtús báire leis an Rialtas.
'Ach ní theastaíonn uaim litreacha a fheiceáil go poiblí i dtaca leis an bpaindéim seo nach bhfuil feicthe ag Airí go fóill' a dúirt sí.