Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin go bhfuil an Rialtas an-imníoch faoi Stoirm Barra, atá ar tí cósta thiar na hÉireann a bhualadh go moch ar maidin amárach.

Tá rabhadh aimsire Dearg eisithe ag Met Éireann do Chontaetha Chorcaí,Chiarraí agus an Chláir.

Tá stádas Buí agus Flannbhuí eisithe do chontaetha eile.

Tuigtear go mbuailfidh Barra an cósta thiar ag a 5 a'chlog.

An pobal i gceantar cósta chathair na Gaillimhe ag fáil faoi réir

Tá oifig na haimsire ag tuar go mairfidh sí go tráthnóna Dé Céadaoin ar a laghad.

D'fhéadfadh sé go mbeadh neart gála 11 agus luas sa bhreis ar 130 ciliméadar san uair faoin ghaoth uaireanta.

Tá fliuchán mór agus sneachta in áiteanna, geallta freisin.

An stoirm ag teacht ón Atlantach

Tá baol mór tuillte i gceantair chois cósta.

Buailfear an soláthar aibhléise freisin a deirtear.

Iarrtar ar dhaoine a bheith fíorchúramach agus iad ag tiomáint agus gan dul i mbun aistir mura bhfuil fíorghá leis.

Iarrtar freisin a bheith cúramach i dtaca le haon mhaisiúcháin Nollag atá feistithe taobh amuigh.

Molann an Roinn Oideachais do scoileanna gan oscailt amárach sna ceantair a bhfuil an Stádas Dearg agus Flannbhuí luaite leo.