Tá an Roinn Oideachais tar éis maolú a dhéanamh ar ordú conspóideach a thug sé an tseachtain seo caite maidir le caitheamh mascanna i mbunscoileanna.
Faoin treoir a bhí tugtha ag an Roinn, dúradh go gcaithfí diúltú cead isteach a thabhairt sa bhunscoil do dhaltaí níos sine nach raibh sásta masc a chaitheamh.
Dúirt an Roinn go gcaithfeadh litir dochtúra a bheith ag aon dalta a thabharfadh le fios nach bhféadfadh sé masc a chaitheamh.
Sa treoir nua atá tugtha ag an Roinn deir sé nach bhfuil sé i gceist go gcoinneofaí aon dalta amach ón scoil ar an mbunús sin.

Tá fáilte curtha ag Gréasán na bPríomhoidí Bunscoile faoin soiléiriú seo ón Roinn.
Dúirt Leas-Uachtarán an ghréasáin,Louise Tobin go nglacann an Roinn leis anois nach féidir aon dalta a choinneáil óna rang mura bhfuil sé sásta masc a chaitheamh.
Ní chaithfidh daltaí ach oiread mascanna a chaitheamh lasmuigh sa chlós, ag ranganna corpoideachais, ceoil agus amhránaíochta.