Bhí cainteanna ar bun idir ionadaithe in earnáil an fháilteachais agus an Rialtas i dtaca le srianta Covid-19.
Tá sé i gceist breis srianta a chur i bhfeidhm ar an earnáil sin amárach san iarracht is deireanaí chun dul i ngleic le scaipeadh an víris.

Deir an Taoiseach go mbeidh tacaíocht chuimsitheach ar fáil don rannóg fáilteachais agus don dream a chuireann ceolchoirmeacha ar bun.
Tá breis sonraí le fógairt sna laethanta atá romhainn.
I measc an dreama a bhí i láthair ag na cainteanna seo inniu bhí an Tánaiste,Leo Varadkar agus an tAire Ealaíona,Cultúir agus Turasóireachta,Catherine Martin.
Tá sé ráite ag Cónaidhm Bhialanna na hÉireann gur cruinniú tairbheach a bhí ann.