Gearradh tréimhse phríosúin 10 mbliana ar iar-léiritheoir Spóirt de chuid RTÉ as mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar pháistí óga.

7 mbliana ó shin, thaifead Kieran Creaven é fhéin i mbun mí-úsáide gnéis ar pháiste óg sna hOileáin Fhilipíneacha fad is bhí páistí eile sa seomra ag an am céanna.

Phléadáil Kieran Creaven le seoladh baile ag Sráid Adelaide i nDún Laoghaire ciontach i 10 gcúis eile roimhe seo.

D'admhaigh sé go ndearna sé teacht i dtír gnéasach ar líne ar pháistí i mBaile Átha Cliath. D'admhaigh sé trí chúis do mhí-úsáid ghnéis agus teacht i dtír gnéasach sna hOileáin Fhilipíneacha agus íomhánna do mhí-úsáid leanaí a bheith ina sheilbh aige sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn.

Bhí duine do na páistí 13 bliain déag d'aois agus bhí páiste eile faoi chúram TUSLA, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.

Cuireadh tús le fiosrúchán na nGardaí maidir le gníomhaíochtaí Kieran Creaven nuair a gabhadh é i Leeds sa Ríocht Aontaithe nuair a chuaigh sé amach chun bualadh le cailín a cheap sé a bhí 13 bliain d'aois.

Ní cailín 13 bliain a bhí ann ach grúpa a thugann 'Predator Exposure' orthu féin agus tugadh ar láimh é do phoilíní na Ríochta Aontaithe.

Ina dhiaidh sin phléadáil ciontach in iarracht a dhéanamh bualadh le páiste agus in iarracht a dhéanamh páiste a mhealladh chun dul i mbun gníomhaíochta gnéis leis. Chaith sé 9 mí sa phríosún.

Rinne Gardaí cuardach i dteach Kieran Creaven in Éirinn. Aimsíodh dhá fhíseán do Kieran Creaven i mbun mí-usáide ar pháiste sna hOileáin Fhilipíneacha.

Léiríonn físeán amháin Kieran Creaven i mbun mí-úsáide ar chailín óg a bhí idir 10 agus 12 ar leaba i seomra ina raibh teilifíseán ar siúl sa chúlra.

Bhain Kieran Creaven úsáid as cúntais Facebook éagsúla chun labhairt le páistí in Éirinn, san áireamh, buachaill óg 14 bliain d'aois agus cailín óg 13 bliain d'aois.

Scrígh Kieran Creaven litir ag gabháil leithscéil faoin a chuid iompair. Dúirt sé go bhfuil náire air agus go bhfuil súil aige go bhfuil na cailíní sábháilte.

Ghabh sé leithscéal lena bhean chéile agus lena theaghlach.

Dúirt RTÉ gur tugadh bata agus bóthar do Kieran Creaven ar an bpointe nuair a phléadáil sé ciontach i gcúiseanna a bhí curtha ina leith le linn imeachtaí cúirte i Leeds ar an 18ú Nollaig 2017.