Tá 27,000 lachan á gcuileáil ag ionad póraithe i gContae Thír Eoghain inniu agus imní ann faoi fhliú na n-éan.

Tógadh an cinneadh agus imní ann maidir le fliú na n-éan i stoc tráchtála ar dhá thaobh na teorann.

Is leis an táirgeoir Silver Hill an t-ionad in Achadh na Cloiche

Deir Príomh thréidlia an Tuaiscirt, an Dochtúir Robert Huey gur beartas réamhchúraim atá ann ó léirigh tástálacha a déanadh go raibh amhras ann go raibh cás amháin do fhliú na n-éan ag an ionad in Achadh na Cloiche.

Tuigtear nach raibh na héin tinn ach tháinig laghdú ar líon a n-uibheacha níos luaithe an tseachtain seo.

Tá na héin scaipithe i roinnt tithe ar an láthair agus tuigtear go raibh an ráig go bhfuiltear in amhras faoi i dteach amháin.

Dúirt an Tréidlia Huey go raibh an-imní air. Bhí 3 ráig do fhliú na n-éan i gContae Mhuineacháin le déanaí agus deimhníodh roinnt cásanna i measc éan fiáine i dTuaisceart Éireann.

Meastar go dtógfaidh an próiséas cuileáilte roinnt laethanta.