Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhfuil aon tuairiscí feicithe acu maidir le daoine ag fáil bháis de bharr Omicron, an t-athraitheach nua den víreas Covid-19 ach mar sin fhéin, deir an WHO go bhfuil an t-athraitheach nua thar a bheith tógálach.

Deir dochtúirí san Afraic Theas go bhfuil ardú tagtha ar an líon páistí óga faoi 5 bliain d'aois atá ag dul isteach san ospidéal leis an víreas agus Omicron ag scaipeadh go tréan sa tír.

Tuairiscíodh breis is 11,000 cás de Covid-19 san Afraic Theas inné. Seachtain ó shin ní raibh ach 300 cás nua in aghaidh an lae sa tír.

Deir oifigigh sláinte sa tír go bhfuil ráta fáis an víris i bhfad níos tapúla ná mar a bhí le linn na ráigeanna eile den phaindéim roimhe seo.

Tá sé ráite ag an WHO go gcaithfidh gach tír ullmhú i gcomhair ardú ar chásanna de Covid-19 mar gheall ar an athraitheach nua Omicron. Deir siad go bhfuil líon na náisiún atá ag tuairisciú cásanna nua ag ardú ar bhonn laethúil.