Tá an chéad chás don athraitheach nua Omicron, a scaipeadh go háitiúil i measc an phobail, aimsithe san Astráil.

Thástáil mac léinn nach raibh tar éis a bheith ag taisteal thar sáile nó i dteagmháil le aon duine a bhí thar sáile dearfach don athraitheach Omicron. Aimsíodh an cás sa chathair is mó sa tír, Sydney.

Níl cead isteach sa tír ag daoine nach saoránaigh de chuid na hAstráile iad faoi láthair agus tá srianta i bhfeidhm ar eitiltí ón Afraic Theas, an áit gur aimsíodh an t-athraitheach nua i dtús ama.

Tá naoi gcás eile do Omicron aimsithe san Astráil ach baineann na cásanna sin go léir le daoine a bhí ag teacht isteach chun na tíre ó thar lear.

Tá imní ann go bhfuil Omicron anois ag scaipeadh i measc an phobail san Astráil.

Tá timpeall ar 2,000 cás do Covid-19 san Astráil in aghaidh an lae faoi láthair.