Tá moill 48 uair an chloig curtha ag an Rialtas ar thástáil PCR agus antaigine a thabhairt isteach do dhaoine atá teacht isteach chun na tíre. Dé Domhnaigh anois a chuirfear tús le cúrsaí tástála.

Dúirt an Rialtas gur tógadh an cinneadh seo chun deis a thabhairt do phaisinéirí, do aerlíntí agus comhlachtaí farantóireachta am a bheith acu ullmhú don beartas nua.

Bhí an cur chuige seo le cur i bhfeidhm inniu ach dúirt úrlabhraí ó Aer Lingus gur cuireadh iad ar an eolas aréir go mbeadh na rialacháin nua á gcur siar go dtí Dé Domhnaigh.

Dúirt Foinse sinsearach Rialtais go dtabharfadh sé seo níos mó ama, mar shampla, do phaisinéirí tástáil PCR a fháil agus toradh a fháil ar an dtástáil sin sula thaistilíonn siad chun na tíre.