Tá srianta nua fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna a thiocfaidh i bhfeidhm ó Dé Máirt seo chugainn. Ghlac an Rialtas leis na moltaí ar fad a rinne NPHET i dtaobh cúrsaí fáilteachais agus cuartaíochta.

I measc na srianta a bheidh i bhfeidhm ón 7ú Nollaig go dtí an 9ú Eanáir, beidh:

  • Clubanna Oíche dúnta
  • Cead ag 4 theaghlach teacht le chéile faoi dhíon i dtithe príobháideacha
  • Cead isteach ag 50% amháin go hionaid chultúrtha, siamsaíochta agus spóirt faoi dhíon

Maidir le hearnáil an fháilteachais:

  • Cead ag seisear suí ag bord le chéile
  • Seirbhís ar fáil ag an mbord amháin
  • Ní bheidh cead ag daoine meascadh ó bhord go bord i mbialanna
  • Dúnfaidh bialanna agus láithreacha eile in earnáil an fháilteachais ag 12.00am
  • Gá le scaradh sóisialta docht daingean i dtithe tábhairne agus i mbialanna

Beidh Teastais Dhigiteacha Covid-19 ag teastáil chun cead isteach a fháil in ionaid traenála, ionaid aclaíochta, tithe tábhairne, tithe tábhairne in ostáin agus i mbialanna.

Táthar le tacaíocht airgeadais a thabhairt do gnólachtaí a bheidh buailte agus tabharfar íocaíocht an PUP ar ais do dhaoine a bheidh dífhostaithe de bharr na srianta nua.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh díomá air na beartais a fhógairt ach nach raibh aon rogha eile ann mar gheall ar an gcontúirt a bhaineann leis an athraitheach nua den víreas, Omicron.

Dúirt Micheál Martin go raibh muinín ag an Rialtas san eolaíocht ag gach céim don phaindéim seo. Dúirt sé gur le chéile mar Náisiún a thiocfaimíd as an bpaindéim.

Ghabh an Taoiseach buíochas le páistí as gach a bhí déanta acu ag rá gur glúin speisialta a bhí iontu.