Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios go gcuideoidh an Rialtas le gnóthadóirí agus oibrithe a bheas thíos leis má thugtar isteach srianta nua Covid-19.

Dúirt an Tánaiste, mar sin féin, gur fearr gan gealltanas a thabhairt d'aon dream go mbeidh tuilleadh comhairle faighte ag an Rialtas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.

Ag tabhairt freagra sa Dáil a bhí sé ar cheist ó chomhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisitalta, Catherine Murphy, a d'fhiafraigh de cén fáth a rabhthas ag ciorrú tacaíochtaí airgeadais agus ag caint ar shrianta breise ag an am céanna.

D'fhiafraigh sí de an raibh rún ag an Rialtas teoiric bhua na dtréan Darwin a chur i bhfeidhm.

Chuir Catherine Murphy in iúl siúd is go nglacann sí leis go bhfuil gá le srianta nach mór tacaíochtaí airgeadais a choinneáil le cuid den ghoimh a bhaint as an mbuille.

Dúirt Leo Varadkar go dtuigeann sé go maith na deacrachtaí atá ag lucht gnó agus a gcuid oibrithe faoi láthair.