Bhí cainteanna ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe agus le polaiteoirí sinsearacha i Washington.

Bhí rún Rialtas na Breataine Airteagal 16 de Phrótacal an Tuaiscirt a chur i bhfeidhm ar cheann de na príomhcheisteanna a pléadh sna cainteanna.

Caintíodh freisin ar cheisteanna a bhaineann leis an lorg atá fágtha ag an gcoimhlint ó thuaidh ar dhaoine agus ar an bpolaitíocht ansin, go háirithe an bara atá faoi Rialtas na Breataine maithiúnas a thabhairt do dhaoine a bhí páirteach sa choimhlint.

Labhair Mary Lou McDonald le Seanadóir sinsearach an Pháirtí Dhaonlathaigh Chuck Schumer, leis an Seanadóir Daonlathach Bob Menendez agus leis an bhfeisire Daonlathach Richard Neal, chomh maith le polaiteoirí eile a bhfuil baint acu le gnóthaí na hÉireann.

Mhaígh sí go raibh na cainteanna thar a bheith tábhachtach agus tairbheach, agus go raibh na polaiteoirí Meiriceánacha ar labhair sí leo ag seasamh le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Thug Mary Lou McDonald le fios chomh maith gur beocheist i Meiriceá í athaontú na hÉireann.

Tá sí le hóráid a thabhairt inniu ag Cumann Bharra Nua-Eabhrac.

Tá ceannaire Pháirtí Aontachtach Uladh Doug Beattie sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo chomh maith.

Dúirt sé gur chuir sé in iúl do pholaiteoirí thall go gcreideann sé nach gcosnaíonn an prótacal Comhaontú Aoine an Chéasta ach a mhalairt.

Is amhlaidh mar atá sé, a mhaígh Doug Beattie, go gcuireann an prótacal as don chothromaíocht íogair a leagadh síos i gComhaontú Aoine an Chéasta.