Gearradh téarma príosúin sé bliana ar fhear faoi ionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhean óg taobh amuigh de chlub oíche i gCorcaigh dhá bhliain ó shin.

Dúirt an Breitheamh Tara Burns go raibh na hionsaithe a rinne Bagrat Kudzievi, 28 bliain d'aois, go hainnis ar fad.

Phléadáil Bagrat Kudzievi neamhchiontach sa Phríomh-Chúirt Choiriúil sna hionsaithe a dhéanamh ar Rachel McElroy, a bhí ocht mbliana déag ag an am, ach ciontaíodh é an mhí seo caite.

Dúradh sa chúirt cé go raibh fíorbheagán ólta ag an mbean óg an oíche sin go ndeachaigh an t-alcól i gcion go mó uirthi.

Thit sí sa chlub oíche agus bhí sí trína chéile.

Shuigh sí in aice le Bagrat Kudzievi agus deich nóiméad ina dhiaidh sin bhí sí taobh amuigh den chlub oíche in éineacht leis.

D'ionsaigh sé í ar an tsráíd os comhair an tsaoil sular iompair sé í trasna droichid go dtí áit chúlráideach.

Lean lucht slándála an chlub oíche an bheirt agus tháinig siad i gcabhair ar an mbean.

Tháinig na Gardaí ar an láthair agus ghabh siad Bagrat Kudzievi.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt Rachel McEvoy nach raibh a fhios aici cad a tharla an oíche sin go dtí gur inis a máthair di.

Thug sí le fios gur ghoill an t-ionsaí go mór uirthi ach gur mhór an faoiseamh di an deis a fháil a scéal a insint don phobal.

Curadh cearáité de bhunadh na Seoirsia is ea Bagrat Kudzievi.

Tháinig sé go hÉirinn trí bliana ó shin agus é ag ligean air féin gur saoránach de chuid na Polainne a bhí ann.

Dúradh nár ciontaíodh cheana é in aon choir sa tír seo ná in aon tír eile.

Ghearr an Breitheamh Burns príosún seacht mbliana air ach chuir sí an bhliain dheireanach ar fionraí.