Chuir an Roinn Sláinte in iul tráthnóna gur taifeadadh 3,793 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

578 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin duine níos lú ná inné. Tá 117 acu in aonaid dianchúraim, sin cúigear níos lú ná inné.

Tugadh le fios inniu freisin gur bhásaigh 55 duine le Covid-19 le seachtain.

Fágann sin gur bhásaigh 5,707 duine le Covid-19 sa Stát ó thús na paindéime.

Dearbhaíodh chomh maith go raibh 151 ráig den ghalar sa tír an tseachtain seo caite, i gconchlann le 122 an tseachtain roimhe sin.

I scoileanna a bhí 45 de na ráigeanna, le hais 24 an tseachtain roimhe sin. Bhí 47 ráig in ospidéil, a dúradh.

Níos túisce tráthnóna, fógraíodh go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,992 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,879 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.

332 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, i gcomórtas le 341 inné. Tá 30 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos mó ná inné.