Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur dócha nach mbeidh aon réiteach ar Phrótocal an Tuaiscirt roimh an Nollaig.

In agallamh ar an gclár 7Lá ar TG4 aréir, thug an Taoiseach le fios go raibh dul chun cinn déanta ar an gceist ach nár mheas sé go mbeadh aon toradh ar an idirbheartaíocht idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach roimh an Nollaig.

Chuir sé in iúl go raibh deacrachtaí i gcónaí ag Rialtas na Breataine le cuid de na moltaí is deireanaí atá déanta ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefcovic, féachaint le teacht as an tsáinn.

"Tá pácaiste foilsithe aige anois agus is léir an dul chun cinn iontach laistigh den phacáiste ach níl Rialtas na Breataine sásta fós," arsa an Taoiseach.

Dúirt sé mar sin féin go leanfaidh ionadaithe an Aontais Eorpach orthu leis na cainteanna fad is atá dul chun cinn éigin á dhéanamh.

Dar leis an Taoiseach chomh maith go raibh sé riachtanach go mbeadh comhaontú idir an dá thaobh "gan úsáid a bhaint as Airteagal 16."

Maidir leis an gcaidreamh idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine, d'admhaigh Micheál Martin go raibh "deacrachtaí ann" mar gheall ar an mBreatimeacht:

"Ní féidir é sin a shéanadh agus ... níl aon amhras [ná] gur athrú an-mhór a bhí ann agus go bhfuil tionchar ag an mBreatimeacht ar chúrsaí an Tuaiscirt."

Baineann cuid de na deacrachtaí sin le cur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta, ar ábhar imní é don Rialtas, a dúirt sé.

Dúirt Micheál Martin gur "ancaire" atá sa chomhaontú sin don chaidreamh idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine, agus go raibh an Breatimeacht "ag cur isteach" ar an gcaidreamh sin.

Thug an Taoiseach le fios go raibh "an-chuid" infheistíochta á déanamh ag an Rialtas i dtograí a bhaineann leis an tionscadal Oileán Roinnte.

Áirítear ina measc sin, droichead ar Loch Cairlinn, athchóiriú Chanáil Uladh agus tograí taighde tríú leibhéal thuaidh agus theas.