Tá cás amháin den athraitheach Oimiocrón ar an gcoróinvíreas aimsithe sa Stát.

Thug an Dr Cillian de Gascún ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le fios go ndearnadh scrúdú ar cheithre cinn déag de shamplaí agus mionscrúdú ar ocht gcinn acu an deireadh seachtaine seo caite, agus gur aimsíodh Oimiocrón i gceann de na hocht gcinn sin.

Dhearbhaigh an Dr De Gascún go mbaineann an cás le duine a tháinig go hÉirinn ón iasacht.

Níl aon fhianaise ann fós, a dúirt sé, go bhfuil Oimiocrón á scaipeadh i measc an phobail.

Tá sé ráite ag an an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú nach raibh daoine a tholg Oimiocrón san Eoraip go dtí seo ach meath-thinn, é sin nó ní raibh siomptóim orthu ar chor ar bith.

Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach mbeidh a fhios go ceann roinnt seachtainí eile fós faoi cé chomh hurchóideach agus atá Oimiocrón.