Tá míshásamh curtha in iúl ag Teachtaí Dála i nDún na nGall faoin scéim chúitimh míoca a d'fhógair an Rialtas inné.

De réir na scéime, gheobhaidh úinéirí tithe €145 ar gach troigh chearnach don chéad 1,000 troigh chearnach; €110 don chéad 1,000 troigh chearnach eile; agus níos lú arís ina dhiaidh sin de réir scála íslithigh.

Dúirt an Teachta Joe McHugh ó Fhine Gael, áfach, nach n-éireoidh leis an ngné seo den scéim agus nach dtacóidh sé féin leis an scéim trí chéile má fhágtar easpa airgid ar dhaoine.

Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh Joe McHugh gur feasach don Aire Tithíochta Darragh O'Brien go bhfuil fadhb ag baint leis an scála íocaíochtaí seo agus gur gá í a réiteach.

Thug sé le fios gur tugadh an scála íocaíochtaí isteach gan choinne, díreach sular fógraíodh an scéim chúitimh inné.

Dúirt an Teachta Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin gur buille crua an scéim d'úinéirí tithe míoca agus go gcaithfear dul siar ar an scála íocaíochtaí láithreach.

Tugadh cúiteamh 100% d'os cionn 2,000 teaghlach i mBaile Átha Cliath agus i dtuaisceart Laighean as tithe a tógadh le brící piríte, a mhaígh an Lochlannach, agus ní mór caitheamh chomh cóir céanna le daoine in iarthar na tíre, dar leis.

Dúirt an Teachta Neamhspleách Thomas Pringle go mbeidh easnamh thart ar €65,000 ar go leor úinéirí tithe i nDún na nGall mura leasófar an scéim chúitimh.

Mhaígh sé go raibh deis ag an Rialtas scéim chóir a thabhairt isteach ach gur loic siad nuair a tháinig an crú ar an tairne.