In agallamh a chraolfar ar an chlár 7Lá ar TG4 anocht, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil daoine ar an dá thaobh den teorainn aontaithe faoi na rudaí is tábhachtaí, mar atá, cúrsaí eacnaíomaíochta, cúrsaí sláinte agus cúrsaí oideachais.

Níl "mórán substainte" ag baint le ceist Amhrán na bhFiann sa chomhrá faoi Éirinn Aontaithe, a dúirt Micheál Martin.

"An rud is tabhachtaí go mbeadh daoine sásta deileáil le chéile ó thaobh na mbunrudaí," arsa sé.

Ag freagairt ceist dó faoi dhearcadh an Tanáiste Leo Varadkar go gcaithfí athmhacnamh a dhéanamh ar Amhrán na bhFiann, ar bhratach na hÉireann agus ar stádas na Gaeilge sa Bhunreacht in Éirinn Aontaithe, thug an Taoiseach le fios gur ceisteanna iad a d'fhéadfaí a réiteach amach anseo.

"Caithfidh mé a rá, nuair a fhéachaim ar na ceisteanna sin agus daoine ag caint faoi [amhráin náisiúnta] agus a leithéid, an bhfuil siad dáirire …?" a dúirt an Taoiseach.

Mhaígh sé gurb as "cúlra poblachtach" é féin agus go raibh sé "dílis" do "phoblachtánachas Wolfe Tone" a thugann leis "na Caitlicigh, na Protastúnaigh agus na hÉireannaigh Nua."

"Táim i bhfabhar aontas phobal na hÉireann," a dúirt an Taoiseach, ach tá sé i bhfad "níos easca caint faoi" ná a dhéanamh.

Ba chóir gach iarracht a dhéanamh an chuid is fearr de Chomhaontú Aoine an Chéasta a chur i bhfeidhm, dar leis an Máirtíneach, agus cháin sé na páirtíthe polaitíochta "ar an dá thaobh" ó thuaidh nach bhfuil "dílís a ndotháin" don chonradh sin, mar a dúirt sé.

Cháin sé Sinn Féin go háirithe as an seasamh a bhí acu ar Acht Ghaeilge ó thuaidh.

"Tá dualgas ar Shinn Féin a bheith dílis do Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ní rabhadar. Ní raibh aon chiall ag baint leis na hinstitiúidí a chur ar ceal ar feadh trí trí bliana. Drochrud é sin [go] rabhadar freagrach as an méid sin."

Dúirt an Taoiseach go raibh "an iomarca béime" á cur ag Sinn Féin ar mhanaí agus ar fheachtais eile agus go raibh neamhaird á tabhairt acu ar na rudaí is tábhachtaí do mhuintir an Tuaiscirt, leithéidí cúrsaí tithíochta agus cúrsaí sláinte.

"Tá roinnt daoine ann faoi láthair agus is manaí atá i gceist acu, táim bréan díobh," a dúirt sé.

Dheimhnigh an Taoiseach nach mbeadh sé fágáil na polaitíochta nuair a athrós ceannasaíocht an Rialtais an bhliain seo chugainn.