D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 5,471 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

579 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, mar a bhí inné. Tá 122 acu in aonaid dianchúraim, sin seachtar níos mó ná inné.

Léiríonn an fhaisnéis is deireanaí gur leanaí bunscoile a bhí i mbeagnach an cúigiú cuid den dream a tholg Covid-19 le coicís.

As an 61,659 duine a tuairiscíodh a tholg an galar le coicís, bhí 11,702 díobh - nó 19% - idir chúig bliana agus dhá bhliain déag d'aois.

Níos túisce inniu, dearbhaíodh go bhfuil beirt eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,585 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,875 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

341 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh inniu, i gconchlann le 340 inné. Tá 29 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos mó ná inné.