Ón Aoine seo chugainn, beidh ar dhaoine a thagann go hÉirinn ón iasacht a chruthú go bhfuair siad toradh diúltach ar thástáil Covid-19 go gairid roimh theacht chun na tíre seo dóibh.

Más tástáil antaigine a rinne siad, ní mór dóibh a chruthú go ndearna siad é 48 uair an chloig ar a mhéad roimhe sin.

72 uair an chloig ar a mhéad atá i gceist más tástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (ISP) a rinne siad.

Baineann na rialacha seo le paisinéirí ó gach aon tír, an Bhreatain san áireamh.

Tá an Roinn Iompair i mbun cainteanna le haerlínte agus comhlachtaí farantóireachta faoi chóras docht seiceála a bhunú.

Tá an Rialtas le reachtaíocht a chur faoi bhráid na Dála arú amárach chomh maith le coraintín éigeantach in óstáin a thabhairt isteach arís.