Tá drugaí agus ábhar drugaí a bhfuil luach os cionn €1.3 milliún iontu faighte ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Fuarthas 66 cileagram de channabas, lear cócaoin agus comhábhar measctha nuair a thug na Gardaí ruathair faoi ionad gnó in iarthar Bhaile Átha Cliath agus faoi dhá theach cónaithe i lár na cathrach tráthnóna inné.

Gabhadh beirt fhear 35 agus 36 bliain d'aois agus tá siad á gceistiú i stáisiúin Ghardaí Fhionnghlaise agus Mhuinseo.

Ghabh na Gardaí dhá fheithicil agus €33,090 in airgead tirim chomh maith.