Tá cead tugtha ag na húdaráis san Afraic Theas don chuid is mó de scuad rugbaí na Mumhan imeacht as an tír, a d'fhógair an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers tráthnóna.

Ní mór do bheirt acu - duine a bhfuil Covid-19 air, chomh maith le dlúth-theaghmálaí leis - ní mór dóibhsean fanacht sa tír go fóill, áfach.

48 duine ó chumann na Mumhan - idir imreoirí agus eile - atá san Afraic Theas faoi láthair.

Ní dúradh an inniu nó lá éigin eile a fhágfas siad an tír.

Beidh orthu coraintín deich lá a chaitheamh agus tuilleadh tástálacha Covid-19 a dhéanamh nuair a fhillfeas siad ar Éirinn.

Bhí an Mhumhain agus foireann Bulls le himirt in aghaidh a chéile i bPretoria inné ach cuireadh an cluiche ar ceal nuair a tháinig an t-athraitheach Oimiocrón chun cinn san Afraic Theas.

Ní dúradh an é an t-athraitheach seo atá tolgtha ag fear na Mumhan.