Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur tuairiscíodh 4,607 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

579 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, i gconchlann le 566 inné. Tá 115 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos lú ná inné.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil tástálacha breise á ndéanamh ar aon cheann déag de chásanna Covid sa tír chun fáil amach an cásanna den athraitheach nua Oimiocrón iad.

Níos túisce tráthnóna, deimhníodh go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,464 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,873 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

340 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh inniu, le hais 370 Dé hAoine seo caite. Tá 28 acu in aonaid dianchúraim, sin cúigear níos lú ná Dé hAoine.