Tháinig ceannairí na dtrí pháirtí sa Chomhrialtas agus an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu leis an athraitheach Oimiocrón ar an gcoróinvíreas a phlé.

Tá cúrsaí Covid trí chéile, go háirithe beartais sláinte poilbí, á gcaibidil acu freisin.

Tá an Fhoireann Éigeandála ag breathú ar an gcomhairle atá faighte acu ó eipidéimeolaithe maidir leis an athraitheach nua.

I ráiteas a d'éisigh sé aréir, dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan cé go bhfuil Oimiocrón faoi iomrá go bhfuil líon na gcásanna den athraitheach Deilte in Éirinn ró-ard i gcónaí.

Tá a fhios ag daoine céard atá le déanamh acu, arsa an Dr Holohan.

Mar sin féin, thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios gur dóichí go bhfuil Oimiocrón in Éirinn cheana féin.

Mhaígh ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan nach mbeidh a fhios againn go ceann cúpla seachtain fós cén chaoi a bhfuil Oimiocrón le dul i gcion orainn.

Idir an dá linn, a dúirt sé, ní mór dúinn iarracht níos fearr fós a dhéanamh cloí leis na beartais sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ag cruinniú seachtainiúil an Rialtais amárach, cé go bpléifear leithéidí coraintín in óstáin agus coraintín sa bhaile is cosúil nach bhfuil aon rún faoi láthair beartais den sórt sin a thabhairt isteach arís.

Fógraíodh ar maidin go bhfuil sé chás den athraitheach Oimiocrón taifeadta in Albain.

I Siorrachd Lannraig a taifeadadh ceithre cinn acu, agus i limistéar Ghlaschú agus Chluaidh a taifeadadh an péire eile, a dúradh.