D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur tuairiscíodh 4,620 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

571 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, i gcomórtas le 598 inné. Tá 118 acu in aonaid dianchúraim, sin ochtar níos lú ná inné.

Níos túisce inniu, fógraíodh go bhfuil naonúr eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 2,004 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,865 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

370 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh inniu, le hais 395 inné. Tá 33 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos lú ná inné.