Tá miondíoltóirí faisin Penneys le 700 post nua - idir pháirtaimseartha agus lánaimseartha - a chur ar fáil mar chuid d'infheistíocht €250 milliún atá siad le deánamh ina ngnó sa tír seo.

Fostófar 300 duine i siopa nua atá siad le hoscailt sa Chearnóg i dTamhlacht an Fómhar seo chugainn

Infheisteofar freisin €60 milliún i siopa Penneys ar Shráid Phádraig i gCorcaigh agus €20 milliún sa siopa atá acu ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh. Tá an siopa i gCeatharlach le haistriú go hionad níos áirgiúla.

Caithfear chomh maith €75 milliún ar ionad nua dáileacháin i nDroichead Nua, Co Chill Dara.

Beidh 600 de na hearcaigh nua fostaithe i siopaí Penneys agus beidh an 100 eile ag obair i gceannáras an chomhlachta ar Shráid Parnell i mBaile Átha Cliath.