Táthar le teanndáileog den vacsaín in aghaidh Covid-19 a thairiscint do gach duine sa Stát atá sé bliana déag agus os a chionn.

Is de réir comhairle ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh a rinneadh an cinneadh seo, a dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly.

Thug an tAire le fios go bhfuil glactha ag an bPríomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan leis an moladh freisin.

Tabharfar tús áite do mhná atá ag iompar clainne, de réir na comhairle. Ina ndiaidh siúd, is in ord íslitheach de réir aoise a chuirfear an teanndáileog ar fáil, mar atá, 40 go 49 agus 16 go 39.

Ceann de na vacsaíní mRNA - Pfizer nó Moderna - is mó a bheas i gceist. Moltar teanndáileog den vacsaín mRNA a thabhairt do dhaoine cúig mhí tar éis an dara dáileog.

Achar níos gairide atá i gceist le vacsaín Janssen. Is féidir teanndáileog den vacsaín sin a thabhairt do dhaoine trí mhí tar éis na dáileoige deireanaí.

Maidir le daoine a raibh Covid-19 orthu, ní mór dóibhsean fanacht sé mhí ó tholg siad an galar le teanndáileog a fháil.

Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in iúl inniu chomh maith go mbeidh timpeall 140,000 vacsaín á seoladh go hÉirinn an mhí seo chugainn le cur ar fáil do pháistí idir cúig bliana agus aon bhliain déag.