Cuirfear tús inniu le cainteanna faoin moladh go gcaithfeadh daltaí bunscoile cumhdaigh aghaidhe sa seomra ranga feasta.

Mhol Foireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí aréir go gcaithfeadh daltaí ó Rang 3 suas maisc as seo go deireadh an gheimhridh. Moladh athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal um Inid.

Déanfar cinneadh oifigiúil faoin moladh ag cruinniú seachtainiúil an Rialtais Dé Máirt seo chugainn.

Tá saineolaithe sláinte poiblí ag comhairliú chomh maith gan leanaí a thabhairt le chéile ag leithéidí drámaí Nollag, cóisirí breithlae agus ócáidí eile spraoi go ceann coicíse ar a laghad.

D'iarr imdhíoneolaí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tOllamh Christine Loscher, gur mar chomhairle nó mar threoir - seachas mar shainordú - a thabharfaí isteach an moladh faoi mhaisc a chaitheamh.

Cé go léiríonn an fhaisnéis go gcuireann maisc bac ar leathadh an choróinvíris, a dúirt sí, bíonn riachtanais éagsúla ag páistí éagsúla. Ní gach páiste a bheas in ann masc a chaitheamh, a mhaígh sí.

D'fháiltigh imdhíoneolaí eile roimh an moladh faoi mhaisc a chaitheamh i mbunscoileanna.

Dúirt an tOllamh Liam Fanning ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, gur daoine faoi dhá bhliain déag ab ea 22% den dream a tholg Covid-19 in imeacht coicíse le déanaí.

Beidh mórán le hinleadh ag scoileanna nuair a thiocfas feidhm leis an moladh, dar leis,

Cuir i gcás, ní mór dóibh a chinntiú go mbeidh dóthain masc ar fáil agus go gcaithfidh daltaí iad mar is ceart, arsa an tOllamh Fanning.