Tá an tAontas Eorpach ag moladh cosc a chur ar aerthaisteal ó dheisceart na hAfraice tar éis d'athraitheach nua ar an gcoróinvíreas teacht chun cinn sa réigiún sin.

Thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen le fios go rachfar i gcomhairle leis na ballstáit i bhfonn go gcuirfear an cosc i bhfeidhm gan mhoill.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go gceapann sé go ndéanfar cinneadh foirmiúil faoin scéal níos deireanaí inniu.

Ní mór do na ballstáit beart a dhéanamh go pras agus i gcomhar le chéile, arsa an tAire.

Chuir sé in iúl freisin go bhfuil oifigigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ón Roinn Sláinte, an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan, agus ionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh ag breathnú ar an gceist faoi láthair.

Dar leis na saineolaithe go bhfuil go leor sóchán ag baint leis an athraitheach B.1.1.529 agus, dá bharr sin, go bhféadfadh sé teacht thar chóras imdhíonachta an duine agus leathadh go héasca.

Os a choinne sin, tá neamhchinnteacht ag baint fós le tromchúis an scéil agus saineolaithe ag brath le tuilleadh faisnéise.

Os cionn 60 cás den athraitheach a tuairiscíodh go dtí seo - idir an Afraic Theas, an Bhotsuáin, Hong Cong agus Iosrael.

Níl aon chomhairle oifigiúil maidir leis athraitheach tugtha fós ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.