Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur tuairiscíodh 4,764 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

598 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, le hais le 611 inné. Tá 126 acu in aonaid dianchúraim, sin seisear níos lú ná inné.

Dúirt an Príomhoifgieach Leighis an Dr Tony Holohan gur díol imní é an ráta den ghalar a bheith chomh hard i gcónaí. Taifeadadh 62,401 cás nua le coicís, a dúirt sé.

Dearbhaíodh níos túisce tráthnóna go bhfuil cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,549 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,856 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

395 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh inniu, i gcomórtas le 386 inné. Tá 35 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos lú ná inné.