Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na Gardaí faoi bhás fir 65 bliain d'aois a bhfuarthas a chorp i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Fuarthas corp Christopher Hall ina theach cónaithe i bhFaiche Dhún Saithne i mBaile Brigín i dtuaisceart an chontae. Deirtear gur bhain droch-ghortuithe sa cheann agus sa cholainn dó.

Tá a chlann fásta agus bhí sé ina chónaí sa teach ina aonar.

Ní cosúil go raibh ropaireacht tí i gceist agus measann na Gardaí go mb'fhéidir go raibh aithne ag Christopher Hall ar an té a d'ionsaigh é.

Tá físeáin ó cheamaraí slándála á scrúdú ag na Gardaí agus tá siad ag bailiú eolais freisin ó mhuintir an cheantair.

Rinneadh scrúdú iarbháis á dhéanamh ar chorp Christopher Hall tráthnóna.