Tá cead tugtha ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach vacsaín Pfizer-BioNTech in aghaidh Covid-19 a chur ar fáil do pháistí idir chúig bliana agus aon bhliain déag.

Meastar ar a shliocht seo go gcuirfear an vacsaín ar fáil don aoisghrúpa seo i mballstáit an Aontais Eorpaigh gan mhoill.

Fíorbheagán tíortha a thugann an vacsaín do pháistí idir cúig bliana agus aon bhliain déag faoi láthair - na Stáit Aontaithe, Ceanada agus Iosrael ina measc.

I ráiteas, d'fhógair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach nach gá ach aon trian den tomhas a thugtar do dhaoine fásta a thabhairt don dream óg.

Dhá instealladh a gheobhas na páistí agus beidh achar trí seachtaine idir an péire.

De réir na faisnéise a d'iniúch na saineolaithe, tá éifeachtacht 90.7% ag baint le vacsaín Pfizer-BioNTech i measc daoine óga idir chúig bliana agus aon bhliain déag.

Dhearbhaigh an Ghníomhaireacht chomh maith nár bhain aon deasca tromchúiseach do na páistí ar tugadh an vacsaín dóibh.

Bhí tinneas cinn nó tuirse ar chuid acu, nó pian san áit a bhfuair siad an tsnáthaid nár mhair ach cúpla lá ar a mhéad, a dúradh.

Dá bhrí sin, a maíodh, is mó an sochar ná an dochar atá sa vacsaín, go háirithe i gcás daoine óga atá tograch do Covid-19.