Tá luach €9.8 milliún de dhrugaí gafa ag oifigigh chustaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath.

Fuarthas 60 cileagram de chócaon, 22 cileagram de hearóin, 145 cileagram de roisín cannabais, 79 cileagram de luibh channabais agus aon chileagram de chéataimín i bhfolach i lasta troscáin a tháinig ón Ísiltír.

Baineadh leas as scanóir x-ghathaithe agus madra bolaíochta leis na drugaí sa trioc a aimsiú.

Ina lorg sin, fuarthas 960 cileagram de thobac - agus luach €600,000 ann - in aonad stórála i Ráth Cúil in iardheisceart Bhaile Átha Cliath.

Níl aon duine gafa ag na Gardaí.