Tá cúigear gafa ag na póilíní sa Fhrainc maidir leis an tubaiste mhillteanach a tharla i Muir nIocht inné nuair a báthadh 27 duine.

Imiricigh a bhí sna daoine a báthadh - seacht bhfear déag, seachtar ban agus triúr leanaí.

Bhí siad ag iarraidh an tuairim is 30 muirmhíle idir an Fhrainc agus Sasana a sheoladh nuair a chuaigh an bád ina raibh siad faoi amach ó chalafort Calais.

Tuairiscíodh tráthnóna inné gur 31 duine a cailleadh ach deimhníodh aréir gur 27 a bhí i gceist agus gur tháinig roinnt daoine slán.

Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag moladh póilíní na Breataine agus na Fraince in éindí an chuid sin den chósta a choimhéad feasta.

Tá sé ina chnámh spairne idir an dá thír faoi cé acu atá freagach as cosc a chur ar imircigh cur chun farraige i mbáid a bhíonn gan deil go minic.

Cuireann siad i leith a chéile gur ag tochras ar a gceirtlín féin atá siad.

Mar sin féin, tá an milleán faoin tragóid inné curtha ar lucht gáinneála ar dhaoine ag Rialtais na Breataine agus na Fraince araon agus tá tús curtha ag na póilíní sa Fhrainc le fiosrúchán dúnorgana.

Ainneoin bhris mhór an lae inné, tuairiscítear gur chuir tuilleadh imirceach chun farraige go moch ar maidin agus gur tháinig siad i dtír slán sábháilte i nDóbhar.