D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur tuairiscíodh 3,893 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

611 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, i gcomórtas le 638 inné. Tá 132 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.

Thug an Roinn Sláinte le fios freisin gur tuairiscíodh le seachtain 43 duine eile le Covid-19 a bheith básaithe.

Tá 5,652 duine le Covid-19 básaithe sa Stát ó thús na paindéime anuraidh.

Deimhníodh tráthnóna chomh maith go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,931 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,851 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

386 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh inniu, ar ghualainn 390 inné. Tá 36 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos mó ná inné.