Cuireadh tús inniu le triail beirte atá cúisithe i bhfear 52 bliain d'aois a dhúnmharú i gcathair Chorcaí os cionn dhá bhliain ó shin.

Tá Helen Jones, 54 bliain, agus Keith O'Hara, 43 bliain, ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú Paul Jones ar an 4 Meán Fómhair 2019. Deirfiúr le Paul Jones is ea an cúisí mná.

Dúradh sa chúirt inniu gur sádh Paul Jones 25 uair sa cholainn agus gur gearradh uair amháin sa cheann é.

Fuair a mhac, Cian Jones, a chorp i dteach ar Bhóthar Dhroichead na Bandan i ndeisceart na cathrach ar an 7 Meán Fómhair 2019.

Tá maiseite smeartha le fuil ar cheann de na foilseáin a chuirfear i bhfianaise le linn na trialach.

Dúirt abhcóiode an Stáit sa chúirt inniu go raibh imreas idir dhaoine i dteaghlach Jones faoin teach inar tógadh iad i mBaile na mBocht ar an taobh eile den Laoi.

Bhí Helen Jones agus Keith O'Hara ina gcónaí sa teach i mBaile na mBocht nuair a maraíodh Paul Jones.

Meastar go mairfidh an triail suas le ceithre seachtaine.