Tá sé tugtha le fios ag Met Éireann go mb'fhéidir go mbeadh sé ag cur sneachta nó flichshneachta in áiteanna sa tír faoi dheireadh na seachtaine.

Beidh an teocht chomh híseal leis an reophointe anocht agus céim faoina bhun atáthar a réamhaisnéis amárach.

De hAoine is dóichí a bheas an flichshneachta chugainn, tráth is idir sheacht gcéim agus naoi gcéim a bheas an teocht is airde.

Beidh goimh ar an ngaoth Dé hAoine freisin agus is sa tuaisceart agus san iarthar, de réir gach dealraimh, a thitfeas an ladhg, má thiteann.

Beidh sé ag cur cuisne arís Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ach bogfaidh an aimsir i dtús na seachtaine seo chugainn.