Tá sé deimhnithe ag an Aire Oideachais go gcuirfear tástálacha antaigine ar fáil i scoileanna ón Luan seo chugainn.

Gheall Norma Foley go seolfar na treoirlínte a bhaineann leis na tástálacha seo chuig na scoileanna agus chuig tuismitheoirí faoi dheireadh na seachtaine seo.

Ag trácht di ar an easpa múinteoirí i scoileanna faoi láthair, dúirt an tAire Foley go bhfuil 680 múinteoir ionaid ar fáil ar bhonn éigeandála le teacht in áit muinteoirí atá ar saoire bhreoiteachta.

Tá cuid mhór de na múinteoirí ionaid seo réidh anois le dul i mbun teagaisc, a mhaígh sí, agus is de réir a chéile a bheas an chuid eile ar fáil.

Is measa an fhadhb in áiteanna thar a chéile agus beartais éagsúla atá ag teastáil le dul i ngleic leis an scéal, a dúirt an tAire.

Chomh maith le múinteoirí faoi oiliúint, beidh cead ag múinteoirí atá ar scor dul ag obair gan srianta i scoileanna as seo go hearr na bliana.

Dúirt Norma Foley gur tugadh cuid mhór de na beartais seo isteach roimh thús na scoilbhliana i mí Lúnasa ach gurbh iomaí cor is lúb a tharla i scéal Covid ó shin.

Thug sí le fios freisin go bhfuil scoileanna i dteideal comhairle a lorg ar innealtóirí, ailtirí nó ar shaineolaithe na Roinne Oideachais maidir le leithéidí cúrsaí aerála.