Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur mhór an botún nár bunaíodh tionól saoránach nó coiste Oireachtais le ceisteanna a bhaineann le hathaontú na hÉireann a phlé.

In agallamh a chraolfar ar an gclár 7Lá ar TG4 anocht, mhaígh sí go bhfuil sé an-tábhachtach tionól saoránach agus coiste Oireachtais a bhunú faoin gceist le gur féidir pleananna faoin athaontú a dhéanamh anois.

"Ag an am seo, níl Micheál Martin, ná Leo Varadkar ná Éamon Ryan ag smaoineamh mar seo agus is mór an botún é," a dúirt Mary Lou McDonald.

Dar léi go bhféadfadh reifreann faoin athaontú a bheith sa Phoblacht "i gceann cúig bliana nó mar sin" ach go bhfuil "an comhrá ar siúl anois ar fud an oileáin."

Seans atá ann [an comhrá] "smaoineamh ar rudaí a dhéanamh ar shlí dhifriúil," a dúirt sí.

"Tá seans againn mar shampla córas nua sláinte a thógáil. Tá seans againn deireadh a chur leis an gcur amú, leis an dá sheirbhís phoiblí ar oileán beag."

"Is breá an rud é sin agus is stairiúil freisin an rud é," a dúirt sí.

Ní cóir "eagla" a bheith ar dhaoine roimh athaontú na tíre, a dúirt Mary Lou McDonald, ach "comhrá measúil" a bheith ann agus cur chuige "síochánta agus daonlathach" a bheith mar bhunús leis.

Cháin ceannaire Shinn Féin "easpa plean" an Rialtais i leith Covid-19 chomh maith, go háirithe an mhoill - mar a dúirt sí - ar theanndáileoga agus tástálacha antaigine a chur ar fáil.

"Míshástacht" i leith an Rialtais agus "athrú meoin" i leith Shinn Féin is cúis leis an mborradh atá faoin bpáirtí sna pobalbhreitheanna is déanaí, dar le Mary Lou McDonald.

Creideann sí, a dúirt sí, go bhfuil athrú ag teastáil ón bpobal.

"Tá Covid-19 tar éis taispeáint dúinn go bhfuil gá le córas láidir sláinte, go bhfuil gá le córas maith oideachais agus go bhfuil gá le córas láidir tithíochta freisin," ar sí.

Cúis "náire" é an córas sláinte, oideachais agus tithíochta agus 100 bliain caite ag Fianna Fail agus Fine Gael i gcumhacht, a dúirt sí.

Sheán ceannaire Shinn Féin go raibh aon rud radacach ag baint le polasaithe an pháirtí "teach a bheith ag gach clann" agus "córas láidir sláinte" a bheith ann.

Dúirt sí go raibh sé "mícheart" ag an dá mhórpháirtí sa chomhrialtas diúltú dul i mbun cainteanna le Sinn Féin i ndiaidh an olltoghcháin dheireanaigh.

"Creidim go bhfuil a fhios ag Fianna Fáil go háirithe go raibh sé seo mícheart."

Caithfidh ceannairí agus polaiteoirí a bheith "fásta" agus "obair ar son an phobail" in áit a bheith ag cur i gcoinne [rudaí an t-am ar fad], a dúirt sí.

Maidir leis an Tuaisceart, dúirt Mary Lou McDonald nár mhór do na páirtithe ceannaireacht a léiriú i gcás an phrótacail agus mhaígh sí go bhféadfaí réiteach a fháil ar na fadhbanna a bhaineann leis.

Ag labhairt di faoin reachtaíocht teanga a gealladh a thabharfaí isteach i Westminister roimh dheireadh na míosa seo caite, thug sí le fios nach raibh sé ceart "ar chor ar bith" go raibh Gaeilgeoirí ó thuaidh "fós ag fanacht" lena gcearta teanga.

"Tá siad ag fanacht, ach ní féidir leo fanacht go deo," a dúirt sí.