Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 3,666 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

638 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, ar ghualainn 684 inné. Tá 130 acu in aonaid dianchúraim, sin ceathrar níos mó ná inné.

Fógraíodh níos túisce tráthnóna go bhfuil ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,476 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,847 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime.

390 othar le Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh inniu. Tá 33 acu in aonaid dianchúraim, sin triúr níos lú ná inné.