Ag Comhdháil COP26 i nGlaschú, dúirt an Taoiseach nach raibh sé ró-mhall gníomhú i dtaca le dul i ngleic le fadhb na haeráide.

Thug sé a aitheasc os comhair na comhairle níos túisce tráthnóna.

'Má ghníomhaíonn muid go fónta anois, tabharfaidh muid an duais is fearr a d'fhéadfaí thabhairt don chine daonna, pláinéad gur féidir maireachtáil ann', a dúirt an Taoiseach.

Dúirt sé freisin go nglacann sé leis gurbh iad tíortha saibhre an chéad domhain faoi ndear chuid mhaith de na fadhbanna, agus go raibh dualgas anois ar an tíortha sin theacht i gcabhair ar an tíortha is boichte.

'Ní loicfidh Éirinn ar a chuid dualgais ina leith seo' a dúirt sé.

Gheall an Taoiseach go ndúblódh an tír seo faoi 2025 an t-airgead a chuirtear ar fáil do thíortha tearfhorbartha an domhain chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

€225m a bheadh i gceist ansin.

An Taoiseach i mbun a óráide

Gheall sé arís go mbeadh an tír seo neodrach ó thaobh an charbóin dhe faoi 2050.

Chuir an tír seo a hainm freisin i dteannta breis is 80 tír eile leis an margadh go laghdófaí astaíochtaí meatáin 30% faoi 2030.

D'fhéadfadh sé seo a bhrú féin a chur ar earnáil na feirmeoireachta anseo.

Ach dúirt an Taoiseach,Micheál Martin nach bhfuil an dara rogha ann ach dul i ngleic leis an athrú aeráide ar mhaithe le todhchaí na feirmeoireachta agus an phobail tré chéile.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go n-oibreodh an Rialtas go dlúth le hearnáil na feirmeoireachta lena chinntiú go mbeidh sí ann do na glúnta atá le teacht.

Thug sé le fios gur chóir smaoineamh go géar imeacht óna sean-mhodhanna traidisiúnta feirmeoireachta, agus díriú ar an mbithéagsúlacht agus athphlandáil foraoiseachta.

An síol á chur don fhoraoiseacht i gCo.Chill Mhantáin

'Mura ngníomhaítear ar cheist na haeráide' a dúirt sé, 'tiocfaidh sé romhainn amach anseo agus íocfar as'.